▼ Leabharlannaíocht
▼ Librarianship
Cartlannú
Archiving
Eolaíocht Leabharlainne agus Faisnéise
Library and Information Science
Roghanna
Options
1156
Líon torthaí a aimsíodh
Number of matches found
#
An prionsabal ar dá réir nach mór taifid duine,
teaghlaigh nó comhlachta chorparáidigh a
choinneáil le chéile ina n-ord bunaidh, más
ann don ord sin agus má cothabháladh é, agus
gan iad a mheascadh nó a chónascadh le taifid
duine eile nó comhlachta chorparáidigh eile.
The principle that the records of a person,
family or corporate body must be kept
together in their original order, if it exists or
has been maintained, and not be mixed or
combined with the records of another
individual or corporate body.
#
Tréimhse dhúnta 20 bliain a chuirtear i
bhfeidhm ar thaifid sula gcuirtear ar fáil don
phobal iad. Is iondúil go mbaineann sé le
comhthéacs oifigiúil/rialtais
A closure period of 20 years applied to records
before their release to the general public.
Usually refers to an official/government
context.
#
Tréimhse dhúnta 30 bliain a chuirtear i
bhfeidhm ar thaifid sula gcuirtear ar fáil don
phobal iad. Is iondúil go mbaineann sé le
comhthéacs oifigiúil/rialtais.
A closure period of 30 years applied to records
before their release to the general public.
Usually refers to an official/government
context.
#
An rialú atá bunaithe ar na gnéithe fisiciúla na
ndoiciméad (amhail formáid, cainníocht nó
suíomh) atá á gcoinneáil i gcartlann. Ní gá go
dtuigtear teideal dlíthiúil a bheith ann mar
thoradh ar rialú fisiciúil.
The control established over the physical
aspects (such as format, quantity or location)
of documents in the physical custody of an
archives. Physical control does not necessarily
imply legal title.
#
An rialú a bhunaítear ar ábhar cartlainne trí fhaisnéis a sholáthar in áiseanna aimsithe maidir le foinse, cur in eagar, comhdhéanamh, scóip, inneachar ó thaobh faisnéise de agus gaolmhaireachtaí inmheánacha agus seachtracha an ábhair lena mbaineann.
The control established over archival material by documenting in finding aids its provenance, arrangement, composition, scope, informational content and internal and external relationships.
#
An próiseas a bhaineann leis an bhfoirm is fearr le haghaidh ceannteidil atá le húsáid i gcatalóg, amhail ainm dílis nó ábhar, agus á chinntiú go n-úsáidtear na ceannteidil sin i ngach catalóg.
The process of establishing the preferred form of a heading, such as proper name or subject, for use in a catalogue, and ensuring that all catalogue records use such headings.
#
An cumas chun úsáid a bhaint as ábhar ó chnuasach aon fhoinse nó ó bhailiúchán, faoi réir rialacha agus coinníollacha.
The ability to make use of material from a fonds or collection, subject to rules and conditions.
#
(to books)
#
Ríomhairí, Ríomheolaíocht An próiseas chun trealamh teirminéal sonraí agus trealamh cumarsáid sonraí a nascadh. Sainíonn sé na comhéadain, idir mheicniúil agus leictreach.
Computers, Computer Science The process for connecting data terminal equipment and data communications equipment. It defines both the mechanical and electrical interfaces.
#
An próiseas a bhaineann le sainaithint ábhar
atá le buanchoimeád mar gheall ar a luach
marthanach, go háirithe na hábhair sin atá le
haistriú go fisiciúil chuig cartlann.
The process of identifying materials to be
preserved because of their enduring value,
especially those materials to be physically
transferred to an archives.
#
Saintréith sainmhínitheach de chuid taifid nó
eilimint taifid (e.g. ainm an údair).
A defining characteristic of a record or of a
record element (e.g., the name of the author)
#
An próiseas a bhaineann le míreanna a roghnú
as bailiúchán chun léiriú a thabhairt ar an
mbailiúchán ina iomláine.
The process of selecting items from a
collection to represent the collection as a
whole.
#
Digitiú taifead a bhí i bhformáid pháipéir ar dtús agus iad a thógáil isteach i gcóras bainistithe doiciméad leictreonach.
The digitisation of records originally in paper format and ingestion into an electronic document management system.
#
Doiciméad cuimsitheach ina sainaithnítear
agus ina dtuairiscítear taifid eagraíochta, ar
leibhéal sraithe de ghnáth, agus léiriú á
thabhairt ar an bhfad ama ar lena linn is ceart
gach sraith a choimeád agus ar an tráth ar
ceart í a chur i mbuanchoimeád seasta mar
ábhar cartlainne nó a scriosadh
A comprehensive document that identifies
and describes an organisation’s records,
usually at the series level, indicating the length
of time each series should be retained and the
point at which records should be permanently
preserved as archives or destroyed.
#
Plean i leith sainaithint chórasach agus eagrú
córasach gníomhaíochtaí agus taifead gnó ina
gcatagóirí de réir gnáis, modhanna agus
rialacha nós imeachta atá struchtúrtha go
loighiciúil.
A plan for the systematic identification and
arrangement of business activities and records
into categories according to logically
structured conventions, methods and
procedural rules
#
Creat lena ndéantar sraith caighdeánach eilimintí meiteashonraí agus a n-idirghaolmhaireachtaí a shonrú agus a thuairisciú, ar eilimintí agus idirghaolmhaireachtaí iad nach mór iad a thaifeadadh d’fhonn sainaithne taifead agus barántúlacht taifead a chinntiú. Soláthraíonn scéimrí comhréir fhoirmiúil (nó struchtúr foirmiúil) agus séimeantaic (nó sainmhínithe) le haghaidh na n-eilimintí meiteashonraí.
A framework that specifies and describes a standard set of metadata elements and their interrelationships that need to be recorded to ensure the identification of records and their authenticity. Schemas provide a formal syntax (or structure) and semantics (or definitions) for the metadata elements.
#
Tuairisc fairsingithe ar thréithe na n-ábhar a
bhfuil tuairisc déanta orthu, ar na
feidhmeanna agus na gníomhaíochtaí a
úsáideadh chun iad a tháirgeadh, agus ar na
cineálacha faisnéise atá iontu.
An expanded description of the characteristics
of described materials, the functions and
activities that produced them, and the types
of information contained therein.
#
(on document, etc.)
arna thabhairt faoi mo shéala oifigiúil
given under my official seal
go ngreamófar séala na comhairle de...
that the council seal be affixed to...
#
An próiseas faoina nglactar seilbh ar thaifid ó
fhoinse ar bith trí thaisceadh, bronnadh nó
ceannachán, nó an cnuasach taifead a nglactar
seilbh air ar an gcaoi sin.
The process of acquiring records from any
source by deposit, donation, or purchase, or
the body of records so acquired.
#
An próiseas faoina nglactar seilbh ar thaifid ó
fhoinse ar bith trí thaisceadh, bronnadh nó
ceannachán, nó an cnuasach taifead a nglactar
seilbh air ar an gcaoi sin.
The process of acquiring records from any
source by deposit, donation, or purchase, or
the body of records so acquired.
#
Airgeadas An t-am a ainmnítear ar phacáiste nó ar lipéad ar féidir táirge áirithe a fhágáil ar an seilf nó i stoc sula dtarlóidh meath bunúsach ann. Nuair a thagann an dáta sin, níor chóir an táirge a dhíol leis an tomhaltóir.
Finance The time identified on the package or label that a certain item can remain in stock or on the shelf before significant deterioration occurs. When that date arrives, the product should not be sold to the consumer.
#
Doiciméad nó rian páipéir ina dtaispeántar an
tsraith oifigí nó daoine a raibh urghabháil,
seilbh, smacht, aistriú, anailís agus diúscairt
na fianaise fisiciúla agus leictreonaí acu.
Document or paper trail showing the
succession of offices or persons having seizure,
custody, control, transfer, analysis, and
disposition of physical and electronic
evidence.
#
Gan sonraí a bheith modhnaithe d’aon ghnó
nó de thaisme gan údarú cuí
The fact that data are not modified either
intentionally or accidentally without proper
authorisation.
... rianta iniúchta leordhóthanacha agus sláine sonraí i gcórais sonraí...
... adequate audit trails and data integrity in data systems...
#
Carachtar sainiúil taifid atá inaitheanta trí na saintréithe uathúla a bhaineann leis agus a idirdhealaíonn é ó thaifid eile.
Quality of being whole and unaltered from loss, tampering or corruption.
#
Ríomhairí, Ríomheolaíocht Fíricí, coincheapanna, carachtair nó cainníochtaí neamhphróiseáilte nó fuara, atá ar fáil chun faisnéis a bhaint astu trína bpróiseáil i gcóras próiseála sonraí, le láimh, go meicniúil, nó go leictreonach.
Computers, Computer Science Unprocessed or raw facts, concepts, characters, or quantities available for processing into information by a manual, mechanical, or electronic data-processing system.