189
Líon torthaí a aimsíodh
Number of matches found
#
An próiseas trína gceiltear faisnéis íogair i
ndoiciméad sula scaoiltear chuig duine é nach
bhfuil údarú aige/aici an fhaisnéis sin a
fheiceáil.
The process of concealing sensitive
information in a document before being
released to someone not authorized to see
that information
#
An t-eagar a chuirtear ar shonraí ar mheán
digiteach a chinntíonn go bhfuil struchtúir
comhaid agus rialaithe sonraí inaitheanta agus
inaisghabhála ag córas oibriúcháin an
óstríomhaire.
The organized arrangement of data on a digital
medium that ensures file and data control
structures are recognizable and recoverable by
the host computer operating system.
#
Corpas doiciméad laistigh de shraith agus é inidirdhealaithe go héasca ón tsraith iomlán mar
thoradh ar shocrú comhdúcháin, ar chineál, ar
fhoirm nó ar inneachar.
A body of documents within a series readily
distinguished from the whole by filing
arrangement, type, form or content.
#
Gníomh a dhéantar d’aon turas agus as a leanann clárú taifid i gcóras coimeádta taifead. Maidir le gníomhaíochtaí airithe gnó, d’fhéadfadh an gníomh sin a bheith deartha mar chuid de chórais leictreonacha ionas go dtarlaíonn gabháil taifead i gcomhthráth le cruthú taifead.
A deliberate action which results in the registration of a record into a recordkeeping system. For certain business activities, this action may be designed into electronic systems so that the capture of records is concurrent with the creation of records.
#
Dúblach de dhoiciméad bunaidh a úsáidtear chun críocha faisnéise amháin. D’fhéadfadh sé nach ngabhann aon seasamh dlíthiúil le cóip phléineáilte.
A duplicate of an original document used for information purposes only. A plain copy may have no legal standing. See Certified copy.
#
An próiseas a bhaineann le doiciméid nó comhaid ar leithligh nach bhfuil luach leantach acu a bhaint as sraith taifead.
The process of the removal of individual documents or files lacking continuing value from a record series.
#
Uimhir a ghintear ó theaghrán téacs. Bíonn an
hais i bhfad níos lú ná an téacs féin, agus
gintear as foirmle é ar bhealach a fhágann go
bhfuil sé thar a bheith neamhdhóchúil go
dtáirgfidh téacs éigin eile an haisluach céanna.
Tugtar dlúth-theachtaireacht air chomh
maith.
A number generated from a string of text. The
hash is substantially smaller than the text
itself, and is generated by a formula in such a
way that it is extremely unlikely that some
other text will produce the same hash value.
Also called a message digest.
#
Áis aimsithe, i lámhleabhar nó i bhformáid leictreonach, ina soláthraítear suíomh fisiciúil na sealúchas go léir sa taisclann.
A finding aid, in manual or electronic format, providing the physical location in the repository of all holdings.
#
Na deighiltí ordlathais, intleachtúla agus fisiciúla a úsáidtear i mbainistíocht ábhar cartlainne, lena n-áirítear taisclanna, grúpaí taifead, cnuasaigh aon fhoinse, bailiúcháin, foghrúpaí, sraitheanna, foshraitheanna, comhaid agus ítimí.
The hierarchical, intellectual, and physical divisions used in archives management, including repository, record group, fonds, collection, subgroups, series, subseries, file, and item.
#
Leibhéal ó thaobh chur in eagar an aonaid atá á thuairisciú e.g. cnuasach aon fhoinse, sraith, bailiúchán, comhad, ítim.
The level of arrangement of the unit being described, e.g., fonds, series, collection, file, item.
#
Úsáideacht taifid maidir le reachtanna agus rialacháin a chomhlíonadh, mar fhianaise in imeachtaí dlíthiúla, mar chruthúnas dlíthiúil ar idirbhearta gnó nó chun cearta agus leasanna duine aonair nó eagraíochta a chosaint.
Usefulness of a record in complying with statutes and regulations, as evidence in legal proceedings, as legal proof of business transactions or to protect an individual’s or organisation’s rights and interests.
#
Úsáideacht nó suntasacht taifead ar bhonn a n-inneachair, gan spleáchas ar aon luach intreach nó aon luach ó thaobh fianaise de.
The usefulness or significance of records based on their content, independent of any intrinsic or evidential value.
#
Cáilíocht atá ag doiciméid, ar cáilíocht í a sholáthraíonn faisnéis faoi thionscnamh, faoi fheidhmeanna agus faoi ghníomhaíochtaí a gcruthaitheora.
The quality of records that provides information about the origins, functions and activities of their creator.
#
An luach atá ag taifid/ábhair chartlainne, de bhua a n-inneachair, i ndáil le seoladh leantach an ghnó ba chúis lena gcruthú.
The worth that records/archives possess, by virtue of their contents, for the continued transaction of the business that gave rise to their creation.
#
Úsáideacht taifead nó ábhar cartlainne i ndáil
le gnó riaracháin reatha a sheoladh agus/nó
gnó riaracháin a sheoladh amach anseo.
The usefulness of records or archives for the
conduct of current and/or future
administrative business.
#
Cumas doiciméad chun fónamh mar fhianaise
ar fhoinsí faisnéise do dhaoine agus
d’eagraíochtaí seachas cruthaitheoir na
ndoiciméad lena mbaineann; Féach Luach
príomhúil.
The capacity of documents to serve as
evidence or sources of information for persons
and organisations other than their creator; See
Primary value
#
An próiseas faoina n-aithnítear taifid a bhfuil
luach cartlainne agus fianaiseach ag baint leo.
The process of identifying records of archival
and evidential value.
#
An t-aonad cartlainne doroinnte is lú ó thaobh cúrsaí intleachtúla de e.g. litir, meabhrán, tuarascáil, grianghraf, taifeadadh fuaime.
The smallest intellectually indivisible archival unit, e.g. a letter, memorandum, report, photograph, sound recording.
#
Airgeadas Fiachas neamhurraithe a aibeoidh taobh istigh de 15 bliana de ghnáth.
Finance Unsecured debt usually with maturity of less than 15 years.
an dá chéad caoga séú nóta
256th note
Déanfaidh mé nóta de.
I’ll make a note of it.
#
Cuid de thaifead catalóige nó d’áis aimsithe a chuireann na hábhair i gcomhthéacs trí bhunfhaisnéis a sholáthar faoi chruthaitheoir nó údar na n-ábhar.
Part of a catalogue record or finding aid that places the materials in context by providing basic information about the materials' creator or author.
#
Doiciméid a chruthaigh nó a fuair duine
aonair, nó a bhfuair duine aonair seilbh orthu,
i gcúrsa a ghnóthaí/gnóthaí.
Documents created, acquired or received by
an individual in the course of his or her affairs
#
Scéim aicmiúcháin trína ndéantar tuairisc i dtaobh cineálacha éagsúla comhad a choinnítear in oifig, i dtaobh conas a shainaithítear iad, i dtaobh cén áit inar ceart iad a stóráil, i dtaobh conas is ceart iad a innéacsú ar mhaithe lena n-aisghabháil, agus i dtaobh tagairt do chur de láimh ceadaithe i ndail le gach comhad ar leith.
A classification scheme describing different types of files maintained in an office, how they are identified, where they should be stored, how they should be indexed for retrieval and a reference to the approved disposition for each file.
#
Beartais, nósanna imeachta agus faisnéis trína gcinntear na gníomhaíochtaí cuí chun téarnamh a dhéanamh ón tionchar a imríonn cur isteach gan choinne ar oibríochtaí, cibé acu tubaiste nádúrtha nó tubaiste de dhéantús an duine, agus chun an tionchar sin a mhaolú.
Policies, procedures, and information that direct the appropriate actions to recover from and mitigate the impact of an unexpected interruption of operations, whether natural or man-made.
#
An prionsabal ar dá réir nach mór taifid duine,
teaghlaigh nó comhlachta chorparáidigh a
choinneáil le chéile ina n-ord bunaidh, más
ann don ord sin agus má cothabháladh é, agus
gan iad a mheascadh nó a chónascadh le taifid
duine eile nó comhlachta chorparáidigh eile.
The principle that the records of a person,
family or corporate body must be kept
together in their original order, if it exists or
has been maintained, and not be mixed or
combined with the records of another
individual or corporate body.
#
Tréimhse dhúnta 20 bliain a chuirtear i
bhfeidhm ar thaifid sula gcuirtear ar fáil don
phobal iad. Is iondúil go mbaineann sé le
comhthéacs oifigiúil/rialtais
A closure period of 20 years applied to records
before their release to the general public.
Usually refers to an official/government
context.
#
Tréimhse dhúnta 30 bliain a chuirtear i
bhfeidhm ar thaifid sula gcuirtear ar fáil don
phobal iad. Is iondúil go mbaineann sé le
comhthéacs oifigiúil/rialtais.
A closure period of 30 years applied to records
before their release to the general public.
Usually refers to an official/government
context.
#
An rialú atá bunaithe ar na gnéithe fisiciúla na
ndoiciméad (amhail formáid, cainníocht nó
suíomh) atá á gcoinneáil i gcartlann. Ní gá go
dtuigtear teideal dlíthiúil a bheith ann mar
thoradh ar rialú fisiciúil.
The control established over the physical
aspects (such as format, quantity or location)
of documents in the physical custody of an
archives. Physical control does not necessarily
imply legal title.
#
An rialú a bhunaítear ar ábhar cartlainne trí fhaisnéis a sholáthar in áiseanna aimsithe maidir le foinse, cur in eagar, comhdhéanamh, scóip, inneachar ó thaobh faisnéise de agus gaolmhaireachtaí inmheánacha agus seachtracha an ábhair lena mbaineann.
The control established over archival material by documenting in finding aids its provenance, arrangement, composition, scope, informational content and internal and external relationships.
#
An próiseas a bhaineann leis an bhfoirm is fearr le haghaidh ceannteidil atá le húsáid i gcatalóg, amhail ainm dílis nó ábhar, agus á chinntiú go n-úsáidtear na ceannteidil sin i ngach catalóg.
The process of establishing the preferred form of a heading, such as proper name or subject, for use in a catalogue, and ensuring that all catalogue records use such headings.
#
An cumas chun úsáid a bhaint as ábhar ó chnuasach aon fhoinse nó ó bhailiúchán, faoi réir rialacha agus coinníollacha.
The ability to make use of material from a fonds or collection, subject to rules and conditions.
#
An próiseas a bhaineann le sainaithint ábhar
atá le buanchoimeád mar gheall ar a luach
marthanach, go háirithe na hábhair sin atá le
haistriú go fisiciúil chuig cartlann.
The process of identifying materials to be
preserved because of their enduring value,
especially those materials to be physically
transferred to an archives.
#
Saintréith sainmhínitheach de chuid taifid nó
eilimint taifid (e.g. ainm an údair).
A defining characteristic of a record or of a
record element (e.g., the name of the author)
#
An próiseas a bhaineann le míreanna a roghnú
as bailiúchán chun léiriú a thabhairt ar an
mbailiúchán ina iomláine.
The process of selecting items from a
collection to represent the collection as a
whole.
#
Digitiú taifead a bhí i bhformáid pháipéir ar dtús agus iad a thógáil isteach i gcóras bainistithe doiciméad leictreonach.
The digitisation of records originally in paper format and ingestion into an electronic document management system.
#
Doiciméad cuimsitheach ina sainaithnítear
agus ina dtuairiscítear taifid eagraíochta, ar
leibhéal sraithe de ghnáth, agus léiriú á
thabhairt ar an bhfad ama ar lena linn is ceart
gach sraith a choimeád agus ar an tráth ar
ceart í a chur i mbuanchoimeád seasta mar
ábhar cartlainne nó a scriosadh
A comprehensive document that identifies
and describes an organisation’s records,
usually at the series level, indicating the length
of time each series should be retained and the
point at which records should be permanently
preserved as archives or destroyed.
#
Plean i leith sainaithint chórasach agus eagrú
córasach gníomhaíochtaí agus taifead gnó ina
gcatagóirí de réir gnáis, modhanna agus
rialacha nós imeachta atá struchtúrtha go
loighiciúil.
A plan for the systematic identification and
arrangement of business activities and records
into categories according to logically
structured conventions, methods and
procedural rules
#
Creat lena ndéantar sraith caighdeánach eilimintí meiteashonraí agus a n-idirghaolmhaireachtaí a shonrú agus a thuairisciú, ar eilimintí agus idirghaolmhaireachtaí iad nach mór iad a thaifeadadh d’fhonn sainaithne taifead agus barántúlacht taifead a chinntiú. Soláthraíonn scéimrí comhréir fhoirmiúil (nó struchtúr foirmiúil) agus séimeantaic (nó sainmhínithe) le haghaidh na n-eilimintí meiteashonraí.
A framework that specifies and describes a standard set of metadata elements and their interrelationships that need to be recorded to ensure the identification of records and their authenticity. Schemas provide a formal syntax (or structure) and semantics (or definitions) for the metadata elements.
#
Tuairisc fairsingithe ar thréithe na n-ábhar a
bhfuil tuairisc déanta orthu, ar na
feidhmeanna agus na gníomhaíochtaí a
úsáideadh chun iad a tháirgeadh, agus ar na
cineálacha faisnéise atá iontu.
An expanded description of the characteristics
of described materials, the functions and
activities that produced them, and the types
of information contained therein.
#
(on document, etc.)
arna thabhairt faoi mo shéala oifigiúil
given under my official seal
go ngreamófar séala na comhairle de...
that the council seal be affixed to...
#
An próiseas faoina nglactar seilbh ar thaifid ó
fhoinse ar bith trí thaisceadh, bronnadh nó
ceannachán, nó an cnuasach taifead a nglactar
seilbh air ar an gcaoi sin.
The process of acquiring records from any
source by deposit, donation, or purchase, or
the body of records so acquired.
#
Doiciméad nó rian páipéir ina dtaispeántar an
tsraith oifigí nó daoine a raibh urghabháil,
seilbh, smacht, aistriú, anailís agus diúscairt
na fianaise fisiciúla agus leictreonaí acu.
Document or paper trail showing the
succession of offices or persons having seizure,
custody, control, transfer, analysis, and
disposition of physical and electronic
evidence.
#
Gan sonraí a bheith modhnaithe d’aon ghnó
nó de thaisme gan údarú cuí
The fact that data are not modified either
intentionally or accidentally without proper
authorisation.
... rianta iniúchta leordhóthanacha agus sláine sonraí i gcórais sonraí...
... adequate audit trails and data integrity in data systems...
#
Carachtar sainiúil taifid atá inaitheanta trí na saintréithe uathúla a bhaineann leis agus a idirdhealaíonn é ó thaifid eile.
Quality of being whole and unaltered from loss, tampering or corruption.
#
Ríomhairí, Ríomheolaíocht Fíricí, coincheapanna, carachtair nó cainníochtaí neamhphróiseáilte nó fuara, atá ar fáil chun faisnéis a bhaint astu trína bpróiseáil i gcóras próiseála sonraí, le láimh, go meicniúil, nó go leictreonach.
Computers, Computer Science Unprocessed or raw facts, concepts, characters, or quantities available for processing into information by a manual, mechanical, or electronic data-processing system.
#
Doiciméid atá curtha in eagar de réir córas
comhdúcháin nó a chothabháiltear mar aonad
ó tharla go leanann siad as an bpróiseas céanna
carntha nó comhdaithe, nó as an
ngníomhaíocht chéanna; ó tharla go bhfuil
foirm ar leith acu; nó ó tharla go bhfuil
gaolmhaireacht eile ann a éiríonn as an tslí
inar cruthaíodh, ina bhfuarthas nó inar
úsáideadh iad. Tugtar sraith taifead ar shraith
freisin
Documents arranged in accordance with a
filing system or maintained as a unit because
they result from the same accumulation or
filing process, or the same activity; have a
particular form; or because of some other
relationship arising out of their creation,
receipt or use. A series is also known as a
records series.
#
Eolas maidir leis an ábhar a bheith oscailte,
oscailte i bpáirt nó gan rochtain a bheith air.
Information relating to whether material is
open, partially open or closed to access.
#
An tsraith oifigí nó daoine a raibh an cnuasach
doiciméad á choimeád acu ó uair a
chruthaithe go dtí gur ghlac taisclann
chartlainne nó lámhscríbhinní seilbh air.
The succession of offices or persons who had
custody of a body of documents from its
creation to its acquisition by an archives or
manuscript repository.
#
Faisnéis maidir le tionscnamh, coimeád agus
úinéireacht taifid (taifead).
Information regarding the origins, custody,
and ownership of record(s).
#
Comhad dénártha arna cheangal le taifead a
thugann le fios an t-am ar tharla teagmhas,
cosúil le cruthú, fáil, léamh, leasú nó scrios
A binary code attached to a record indicating
the time that an event occurred, such as
creation, receipt, reading, modification or
deletion
#
Faisnéis arna cruthú, fáil agus cothabháil mar
fhianaise agus faisnéis ag eagraíocht nó ag
duine de bhun oibleagáidí dlíthiúla nó le linn
gnó a sheoladh.
Information created, received, and
maintained as evidence and information by an
organisation or person, in pursuance of legal
obligations or in the transaction of business.
#
Doiciméad analógach a chaitear leis agus a
bhainistítear mar thaifead.
An analogue document that is treated and
managed as a record.
#
Taifead ar léir ina leith gurb ionann é agus an méid a airbheartaítear ina leith agus go bhfuil sé saor ó chrioscaíl nó ó éilliú.
A record that is what it purports to be and that is free from tampering or corruption.
#
Taifid atá fíorthábhachtach maidir le
leanúnachas gnó i gcásanna éigeandála nó tar
éis tubaiste.
Records vital to the continuity of business in
cases of emergency or after a disaster.
#
Taifead i bhfoirm leictreonach.
A record in electronic form
#
taifead bunaidh a cruthaíodh i bhformáid dhigiteach
an original record created in digital format
#
Doiciméad a n-áirítear leis ábhar arna thógáil
ó fhoinsí seachtracha a mbíonn athruithe ag
teacht air de réir mar a athraíonn na foinsí
seachtracha sin.
A document that includes content taken
from external sources that changes as those
external sources change.
Doiciméad, go háirithe leathanach gréasáin, a
dtagann athrú air trí idirbhearta tréimhsiúla
idir an cliant agus an freastalaí
A document, especially a web page, that
changes content through periodic
transactions between the client and server.
#
Foirm nó logleabhar ina ndéantar achoimre ar
na téarmaí agus coinníollacha a bhaineann le
taifid a thaisceadh le hinstitiúid.
A form or log that summarises the terms and conditions of a deposit of records at an institution.
#
Taifead nach bhfuil gá leis a thuilleadh chun an gníomh ar ina leith a cruthaíodh é a chur i gcrích ach a bhfuil gá leis le go bhféadfaidh cruthaitheoir an taifid úsáid a bhaint as mar ábhar tagartha.
A record which is no longer needed for the purpose of carrying out the action for which it was created, but which is needed by the records creator for reference.
#
Taifead a stóráiltear go huathoibríoch, beag
beann ar na meáin atá i gceist nó gan spleáchas
ar an bhformáid bhunaidh inar cruthaíodh é,
seachas é a bheith stóráilte i gcóip chrua (i.e.
ar pháipéar).
A record that is stored electronically,
regardless of the media or whether it is in the
original format in which it was created, as
opposed to stored in hard copy (i.e. on paper).
#
Taifid atá ann i meán nó i bhformáid a bhfuil gá
le feiste mheicniúil chun iad a dhéanamh
intuigthe do dhaoine
Records in a medium or format that requires a
mechanical device to make it intelligible to
humans
#
Taifead nach bhfuil gá leis a thuilleadh chun gnó reatha a sheoladh ach ar taifead é atá á chaomhnú go dtí go sroicheann sé deireadh a thréimhse coimeádta.
A record no longer needed to conduct current business but preserved until it meets the end of its retention period.
#
Taifid nach n-úsáidtear a thuilleadh i gcúrsa laethúil gnó ach ar taifid iad a chaomhnaítear agus a úsáidtear ó thráth go chéile ar mhaithe le cuspóirí dlí, staire nó oibríochta. Féach freisin: Taifid reatha, Taifid leathreatha.
Records that are no longer used in the day-to-day course of business, but which are preserved and occasionally used for legal, historical or operational purposes. See also: Current records, Semi-current records.
#
Taifid a úsáidtear go rialta chun críche
sheoladh an ghnó reatha; taifid ghníomhacha.
Records regularly used for the conduct of the
current business; active records
#
Taifead nach bhfuil ach luach gearrthéarmach
aige ar féidir é a scriosadh láithreach nó tar éis
tréimhse ama shonraithe.
A record of short-term value that can be
destroyed immediately or after a specified
time period.
#
Taifid nach gá iad a dhéanamh ach a
chruthaítear chun doiciméadú agus míniú a
chur ar fáil maidir le gníomh éigin.
Records that are not required to be made but
are created to document and explain some
action
#
Iontráil i gcomhad údaráis a bhfuil eolas ann
faoin bhfoirm inmhianaithe d’ainm nó teideal
ábhair.
An entry in an authority file that contains information about the preferred form of a name or subject heading.
#
Áit ina dtaisctear taifid chartlainne
A place of deposit for archival records
#
(from one format or data type to another)
Ríomhairí, Ríomheolaíocht I dteangacha ríomhchlárúcháin, an trasfhoirmiú idir luachanna a léiríonn an mhír chéanna sonraí ach a bhaineann le cineálacha éagsúla sonraí. Féadtar eolas a chailliúint sa tiontú ós rud é go mbíonn cruinneas léirithe sonraí éagsúil idir cineálacha éagsúla sonraí.
Computers, Computer Science In programming languages, the transformation between values that represent the same data item but belong to different data types. Information may be lost due to conversion since accuracy of data representation varies among different data types.
#
Tátal maidir le taifead a bheith barántúil, ar tátal é a dhéantar ar bhonn fíorais atá ar eolas faoin modh inar cruthaíodh agus inar cothabháladh an taifead lena mbaineann.
An inference as to the fact of a record’s authenticity that is drawn from known facts about the manner in which that record has been created and maintained.
#
Áis aimsithe a chuireann síos ar bhailiúcháin
taisclainne amháin cartlainne agus/nó
lámhscríbhinní a bhaineann le hábhair,
tréimhsí nó limistéir gheografacha faoi leith
nó le cineálacha nó catagóirí sainiúla
doiciméad. Is iondúil go dtagraítear do threoir
den chineál seo mar threoir théamach nó
treoir ábhair
A finding aid describing the holdings of one or
more archives and/or manuscript repositories
relating to particular subjects, periods, or
geographical areas or to specified types or
categories of documents. This type of guide is
usually called a thematic or subject guide.
#
An próiseas a bhaineann le taifead nó
bailiúchán taifead a anailísiú agus a eagrú agus
le mionsonraí faoi na gnéithe foirmiúla díobh
a thaifeadadh, is é sin, gnéithe amhail
cruthaitheoir, teideal, dátaí, méid agus
inneachar, d’fhonn sainaithint agus bainistiú
an tsaothair a éascú agus d’fhonn tuiscint ar an
saothar a éascú.
The process of analysing, organising, and
recording details about the formal elements of
a record or collection of records, such as
creator, title, dates, extent, and contents, to
facilitate the work's identification,
management, and understanding.
Toradh a leithéid de phróiseas.
The product of such a process
#
Áis aimsithe nó uirlis eile rochtana ina gcuimsítear tuairiscí idirghaolmhara ar leithligh ar an taifead iomlán nó ar chodanna de, agus ina léirítear ordlathas na n-ábhar atá á dtuairisciú.
A finding aid or other access tool that consists of separate, interrelated descriptions of the whole and its parts, reflecting the hierarchy of the materials being described.
#
An t-aonad cartlainne is lú nach féidir aon
roinnt intleachtúil eile a dhéanamh air (e.g.
litir, meamram, tuairisc, nó grianghraf), agus a
ndéantar tuairisc ansin air.
The smallest intellectually indivisible archival
unit (e.g., a letter, memorandum, report, or
photograph) which is then described.
#
An uimhir uathúil nó an cód uathúil a
shanntar chun forshealbhúchán a shainaithint
go buan.
The unique number or code assigned to
permanently identify an accession
#
An prionsabal ar dá réir is ceart taifid de
thionscnamh aonair a choimeád de réir an
leagain amach a bhunaigh an cruthaitheoir,
lena n-áirítear uimhreacha tagartha, d’fhonn
gaolmhaireachtaí atá ann cheana féin, mar aon
le suntasacht fhianaiseach agus úsáideacht
áiseanna aimsithe an chruthaitheora, a
bhuanchoimeád.
The principle that archives of a single
provenance should retain the arrangement,
including the reference numbers, established
by the creator in order to preserve existing
relationships and evidential significance and
the usefulness of finding aids of the creator